BAILII [Home] [Databases] [World Law] [Multidatabase Search] [Help] [Feedback]

High Court of Ireland Decisions


You are here: BAILII >> Databases >> High Court of Ireland Decisions >> O'Blethin v. An tAire Dli agus Cirt & Ors [2004] IEHC 311 (30 July 2004)
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IEHC/2004/311.html
Cite as: [2004] IEHC 311

[New search] [Printable RTF version] [Help]



     
    AN ARD CHÚIRT
    ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

    HC 311/04

    [Uimh. 320 A.B. 2000]

    IDIR:

    MICHEÁL Ó BLEITHÍN

    IARRATASÓIR

    AGUS
    AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONNANAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, STIÚRTHÓIR NA nIONCHÚISEAMH POIBLÍ AGUS AN tSEIRIBHÍS CHÚIRTEANNA

    FREAGRÓIRÍ

    Breith an Bhreithimh Aindrias Ó Caoimh a tugadh ar an 30ú lá Iúil, 2004.

    Ar Ordú na Cúirte Uachtaraí den 23ú delá Feabhra 2001 tugadh cead don iarratasóir iarratas do dhéanamh ar mhodh athbhreithnithe do na faoisimh seo a leanas:

    (i) Dearbhú go bhfuil de cheart ag an iarratasóir go mbeidh córas comhuaineach aistriúcháin suas chun dáta ar fáil agus in úsáid le linn a thrial os comhar coiste sa Chúirt Chuarda Choiriúil le haistriúchán Béarla go Gaeilge agus Gaeilge go Béarla.
    (ii) Ordú Mandamus ag tabhairt ar an bhfreagróir chéad ainmnithe nó ar a chuid gníomhairí, , nó ar an bhfreagróir tríú ainmnithe, córas comhuaineach aistriúcháin a sholáthar le linn thriail an iarratasóra ar bhille uimhir 312/1997 le go ndéanfar aistriúchán éifeachtach Béarla go Gaeilge agus Gaeilge go Béarla ar an mhéid a déarfar ar gach aon taobh acu le linn na trialach agus a chinntiú go mbeidh an córas úd ar fáil do gach éinne atá páirteach sa triail.
    (iii) Ordú Mandamus ag tabhairt ar an bhfreagróir tríú ainmnithe nó ar a chuid gníomhairí, córas comhuaineach aistriúcháin a sholáthar le linn thriail an iarratasóra de réir Alt 5 den Acht um Sheirbhís Chúirte uimhir 8 de 1998 le go ndéanfar aistriúchán éifeachtach Béarla go Gaeilge agus Gaeilge go Béarla ar an mhéid a déarfar ar gach aon taobh le linn na trialach agus a chinntiú go mbeidh an córas úd ar fáil do gach éinne atá páirteach sa triail.
    (iv) Ordú Mandamus ag tabhairt ar na freagróirí gan an chúis in aghaidh an iarratasóra ar bhille uimhir 312/1997 réamhráite a reachtáil ach de réir forálacha agus prionsabail Bhunreacht na hÉireann agus cothromas Bunreachtúil.
    (v) Ordú Toirmisc nó Ordú ag cur cosc ar an bhfreagróir tríú ainmnithe nó ar a chuid gníomhairí, seirbhís a sholáthar sna cúirteanna in aon slí a sháraíonn phrionsabail an Dlí Bhunreachtúil agus cothromas nádúrtha.
    (vi) Ordú Toirmisc nó Ordú ag cur cosc nó bac ar an bhfreagróir dara ainmnithe dul chun cinn le triail an iarratasóra ar Bhille Uimhir 312/1997 réamhráite nó go mbíonn córas comhuaineach aistriúcháin ar fáil agus in úsáid de réir an dearbhú a lorgaítear ag alt (1) thuas. 
    (vii) Pé faoiseamh eile is dóigh leis an gCúirt Onórach seo a bheith cuí 'sna tosca a léirítear san iarratas seo'.

    Tugadh an cead sin ar na forais a luaitear ag alt (e):-

    (i) De réir forálacha airteagal 8 den Bhunreacht tá de cheart ag an iarratasóir a chúis agus a chosaint a chur faoi bhráid na Cúirte sa phríomhtheanga oifigiúil agus sa teanga náisiúnta;
    (ii) Go bhfuil de cheart ag an iarratasóir bheith ag súil go dlisteanach go dtabharfaí cothrom na féinne agus cothromas agus/nó ceart bhunreachtúil dó agus go gcaithfí leis dá réir sa mhéid is gur féidir é agus é os comhair na gcúirteanna agus a chearta bunúsacha faoin mbunreacht dá shlánú aige.
    (iii) Go bhfuil de cheart ag an iarratasóir de réir thosca an lae inniu – sa chás go bhfuil dhá theanga in úsáid sa chúirt – go mbeidh leanúnachas ann ó thaobh chur i láthair na fianaise agus na n-aighneachtaí ar gach taobh amhail is nach mbeadh in úsáid ach aon teanga agus gur féidir an sprioc sin a bhaint amach le córas comhuaineach aistriúcháin a bheith in úsáid go héifeachtach.
    (iv) Go ndéanann córas comhuaineach aistriúcháin éascaíocht don bhreitheamh, don chúisí, do na comhairleoirí dlí ar gach taobh, don choiste agus do pé dream den phobal a thogródh a bheith i láthair agus an triail ar bun go hoscailte sa chúirt.
    (v) Gur fearr córas comhuaineach aistriúcháin ná córas post hoc córas aistriúcháin comhleanúnach ag ateangaire aonraic, a chuireann bac agus moill ar shruth na fianaise, ar rithim an chroscheistithe, agus ar chur i láthair na n-aighneachtaí os comhair na cúirte.
    (vi) Gur gnáthrud sa lá atá inniu ann córas comhuaineach aistriúcháin a bheith ar fáil in aon fhóram ina bhfuil teangacha éagsúla in úsáid ag an dream atá ag freastal ann agus gur treise an dualgas sin i gcás teangacha oifigiúla an Bhunreachta a bheith i gceist.
    (vii) Go labhrann Bunreacht na hÉireann san aimsir láithreach ó thaobh thosca an lae atá ann agus, dá réir sin, nach éileamh míchuíosach nó míréasúnta é córas comhaimseartha teangaireachta a bheith ar fáil sa Chúirt Choiriúil Chuarda agus saoirse phearsanta an iarratasóra a bheith i gceist nó saoirse phearsanta saoránaigh ar bith eile a bheith i gceist. Ar an taobh eile den scéal, gur leatrom míréasúnta a bheadh ann ó thaobh an iarratasóra de, dul ar aghaidh leis an éisteacht agus córas teangaireachta nach den gcaighdeán is fearr a bheith in úsáid.
    (viii) Go bhfuil fhios – sa chúis seo – breis agus scór finné a bheith ar fáil le fianaise a thabhairt agus gur léir go seasfaidh an triail seachtain nó os a chionn ó thaobh ama de agus gur fearr i bhfad i gcomhthéacs triail den fhad sin córas comhuaineach aistriúcháin seachas córas aistriúcháin comhleanúnach a bheith in úsáid.
    (ix) Go ndéanfar leatrom éagórach agus éagóir gan chúis, gan leithscéal, ar an iarratasóir gan córas comhuaineach a bheith in úsáid de réir thosca na trialach seo. 
    (x) Gur bunphrionsabal dlí é go bhfuil de cheart ag cúisí a chúis a throid gan bhac nó constaic míréasúnta a bheith sa mbealach air ó thaobh teangan ná tuiscint de.
    (xi) I bhfianaise an pholasaí atá ag an Stát an dátheangachas a chur chun cinn, agus ó tharla forlámhas a bheith ag an teanga oifigúil eile i gceantar Bhaile Átha Cliath, an ceantar as a roghnófar painéal an choiste, go bhfuil tábhacht ar leith le trealamh a bheith in úsaid le cothrom éifeachta, sa mhéid is gur féidir sin, a thabhairt don teanga náisiúnta agus don phríomhtheanga oifigiúil.
    (xii) Mura ndéantar an córas aistriúcháin is éifeachtaí a úsáid le linn triail go bhfuil teangaireacht i gceist, nach bhfuil urraim mar is dual á tabhairt don teanga náisiúnta.

    den bunráiteas dar dháta an 23ú lá de Mheitheamh 2000.

    Trí mhionnscríbhinn Phóil Uí Mhurchú cuireann sé in iúl gur eisean an t-aturnae a d'fhostaigh an iarratasóir le é a chosaint ar bhille cúisimh 312/1997 atá os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúil i mBaile Átha CLiath. Cuireann sé in iúl go bhfuil sé curtha i leith an Iarratasóra go bhfuair sé £20,000 ó Bhanc Uladh i Ranalach, BAC le calaois.

    Deir an tUasal Ó Murchú gur tugadh treoir dó ó thús ag an iarratasóir an chúis a chur i láthair na cúirte sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil. Tá sin déanta aige ó shin i leith. Le linn dó sin a dhéanamh deir sé gur éirigh deacrachtaí áirithe. An chéad deacracht a d'éirigh ná go mb'éigean dó abhcóide a theagasc iarratas a dhéanamh san Ard-Chúirt le cinntiú go ndéanfaí taifead as Gaeilge ar an méid a déarfaí as Gaeilge le linn na trialach sa dóigh is go mbeadh scríbhinn fhianaise chruinn ar fáil dá mba ghá sin. Deir sé go bhfuair sé cead ar athbhreithniú breithiúnach ar an 29ú lá de Dheireadh Fómhair 1998. Deir sé go bhfuil an deacracht sin ar bhealach réitithe agus plé ar bun idir na páirtithe le feidhm a thabhairt don ordú Ard-Chúirte. Deir sé gurb é is bunadh an iarratas láithreach ná deacrachtaí eile atá tagtha chun cinn idir na páirtithe. Deir sé agus an plé fós ar bun maidir le feidhm agus éifeacht a thabhairt don ordú 1998 gur chuir sé in iúl do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, sé sin na Freagróirí, gur theastaigh córas comhuaineach teangaireachta a bheith ar fáil le héascaíocht a dhéanamh do gach taobh le linn na héisteachta. Deir sé go bhfuil 27 bhfinné le gairm ag an ionchúiseamh agus táthar ar aon fhocal go leanfaidh an triail breis agus seachtain. Deir sé sna tosca sin, tá sé go láidir den bharúil gur chóir an córas teangaireachta is éifeachtaí a úsáid, sé sin, córas comhuaineach teangaireachta, seachas ateangaire aonraic ag déanamh teangaireacht chomhleanúnach a bheith sa chúirt leis an dá theanga a aistriú. Beith iachall ar gach éinne a labhrann a stopadh tar éis gach re abairt le deis a thabhairt don ateangaire a chuid oibre a dhéanamh.

    Deir an tUasal Ó Murchú go raibh an triail le dul ar aghaidh ar an 9ú lá de Feabhra 2000 ach b'éigean é a chur ar athló nuair ba léir go raibh deacrachtaí ag an Stát cloí leis an ngeallúint a bhí tugtha ó thaobh taifead na h imeachtaí de agus go háirithe an méid a bheadh as Gaeilge a ghlacadh síos as Gaeilge. Deir sé gur scríobh sé chuig na freagróirí ar an 2ú lá de Mhárta 2000 tar éis don Bhreitheamh Dunne, a bhí i gceannas an liosta cúiseamh i gCúirt 26, ag iarraidh air an cheist a shoiléiriú. Déanann an tUasal Ó Murchú tagairt do chomhfhreagras idir na páirtithe. Baineann an comhfhreagras sin le geallúint an Stiúrthóra agus an Aire go mbeadh taifead ar imeachtaí de agus go háirithe go ndéanfaí an méid a bheadh as Gaeilge mar a déarfaí é a ghlacadh síos sa Ghaeilge. Sa litir den 2ú lá de Mhárta 2000 chuir an tUasal Ó Murchú in iúl go raibh sé ag lorg córas comhuaineach nó comhaimseartha teangaireachta a bheith ar fáil le héascaíocht a dhéanamh do gach taobh le linn na héisteachta agus dar ndóigh don gcoiste a bheas ag tabhairt breithe de réir an fhianaise a thabharfar. Is léir nár ghlac na freagróirí leis an méid a bhí le rá ag an tUasal Ó Murchú ag an am agus nár ghlac siad leis go raibh aon dualgas áirithe seachas go mbeadh taifead den fhianaise a thabharfar trí mheán na Gaeilge le fáil. Ag an am céanna tugadh le fios ag an Stiúrthóir nach raibh aon dualgas air seirbhísí teangaireachta agus córas luathscríbhneoireachta a chur ar fáil d'imeachtaí na cúirte. Is léir ón gcomhfhreagras go raibh tuiscint idir na páirtithe gur taifead de réir dlí a bhí i gceist le hordú na hArd-Cúirte. Tugadh le fios don Uasal Ó Murchú gur cheist don chóras riaracháin sna cúirteanna conas is fearr is féidir feidhm a thabhairt do alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 i gcomhthéacs na héisteachta sa chúis seo. Chuir an tUasal Ó Murchú ceist ar an bPríomh-Aturnae Stáit arbh fhéidir leis an córas mar atá taifead iomlán a dhéanamh ar an méid a déarfaí gach duine sa triail. Chuir sé le fios gur ceisteanna teicniúla iad seo nach raibh freagra orthu go dtí sin ó thaobh an chórais de. Chuir an tUasal Ó Murchú in iúl ag an am dá mba rud é go raibh cúirt ar fáil agus go raibh córas taifeadta leictreonach mar fheisteas inti arbh fhéidir leis cuntas cruinn iomlán a sholáthar ar an bhfianaise trí chéile, dar leis go sásódh sé sin an tAcht agus an tordú. Dúirt sé ba chóir don Stát an fhianaise sin a thairiscint don chúirt. Ag an am céanna d'fhiafraigh sé arbh fhéidir córas comhuaineach teangaireachta a bheith ar fáil le ceart a thabhairt don dá theanga oifigiúil le linn na n-imeachtaí.

    I litir dar dháta an 4ú lá de Bhealtaine 2000 ghlac an tUasal Ó Murchú nach raibh freagracht fheidhmiúil ar an Stiúrthóir maidir le soláthar córas luathscríbhneoireachta nó aistrithe le linn imeachtaí cúirte. Chuir an tUasal Ó Murchú in iúl gur taifead ar imeachtaí a bhí i gceist agus gurbh fhéidir an taifead sin a dhéanamh le luathscríbhneoireacht nó le córas éifeachtach leictreonach de réir mar a thuig sé (Alt 4 den Acht um Cheartas Choiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997).

    Scríobh an tUasal Ó Murchú chuig Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse Cúirteanna ag fiosrú an mbeadh córas aistriúcháin comhaimseartha le fáil don triail. Seoladh freagra chuige ón tSeirbhís Chúirteanna ar an 21ú lá de Mheitheamh 2000 inár cuireadh in iúl dó go mbeadh an gnáth-áis aistriúcháin ar fáil, sé sin an córas comhleanúnach, sa chás. Dúradh go réitíonn sin leis na tuairimí a thug an Breitheamh Dunne nuair a pléadh cás an iarratasóra os a comhair ar an 2ú lá de Mheitheamh 2000 agus a bhí leagtha síos i scríbhinn na fianaise. Dúradh ag deireadh na litreach mar a leanas:-"mar sin ag cloí leis an méid a dúirt an Breitheamh Dunne ní bheidh córas inniúil aistriúcháin comhuaineach curtha ar fáil".

    Ag alt 13 de mhionnscríbhinn Uí Mhurchú dúradh mar a leanas:-

    "13. Tá idirdhealú le déanamh idir córas comhuaineach aistriúcháin agus córas comhleanúnach.
    (a) Leis an gcóras comhuaineach, caithfear stopadh gach re abairt le deis a thabhairt don ateangaire an méid atá ráite a aistriú. Ar an gcaoi céanna seo, bristear an leanúnachas sa chur i láthair, bíodh sin ó thaobh an ionchúisí nó ó thaobh an chúisí de. Cuirtear le fad na héisteachta.
    (b) Leis an gcóras comhuaineach, déantar an ateangaireacht i mboth ar leith agus pé duine ar mian leis an teanga ar rogha leis an chloisint, bíonn sin ar fáil dó ar na cluasáin a bheadh ar fáil ina chuid den chóras. Leanann an chaint – pé acu fianaise nó aighneacht nó treoir ón mBreitheamh – gan stad gan briseadh ag gach taobh. Dá réir sin, déanann an córas comhuaineach éascaíocht mhór le linn na héisteachta do gach taobh ó thaobh cur i láthair de. Freisin, ní chuirtear le fad na trialach.
    (c) Níor mhór dar liom, cluasáin a bheith ar fáil do pé méid den phobal a thiocfadh i láthair agus an éisteacht ar siúl ar mhaithe le beart a dhéanamh de réir Airteagal 34 den Bhunreacht agus an ceart á riar go poiblí sa chúirt.
    (d) Bheadh an deis chéanna ag teastáil ón gcoiste agus gach ball dó le go bhféadfaidís an fhianaise nó an aighneacht a thuiscint sa teanga ba rogha leo fá seach.

    Tá a fhios go bhfuil teacht ar an gcóras féin ó dhreamanna gnó agus gur féidir é a fháil ar chíos mar sheirbhís ar leith ann féin."

    Ag alt 14 den mhionnscríbhinn chéanna chuir an tUasal Ó Murchú in iúl na fadhbanna dar leis a bhain le córas comhleanúnach mar a leanas:-

    "14. Gan dochar don méid atá raite agam in Alt 13 thuas, ón taithí atá agamsa ag plé le cúis go bhfuil an dá theanga i gceist, cuireann an córas comhleanúnach isteach go háirithe ar
    (i) abhcóide an Stáit ag cur tús leis an ionchúiseamh agus go bhfuil de dhualgas air/uirthi an scéal imlíneach a oscailt don choiste
    (ii) baineann sé an faobhar agus an móiminteam ón gcroscheistiú, cuma taobh atá ina mbun, agus F
    (iii) cuireann le bac ar an dá thaobh le linn na n-aighneachtaí a bheith ar siúl nuair atá an fhianaise tugtha
    (iv) freisin, cuireann sé as don choiste agus don lucht éisteachta sa chúirt nuair atá an suimiú ar siúl ag an mBreitheamh i dteanga nó teanga eile de na teangacha oifigiúla."

    Déanann an tUasal Ó Murchú tagairt do litir a fuair sé ó Michael Cronin, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ar an 20ú lá de Mheitheamh 2000 inar luaigh sé na buntáistí a bhaineann le teangaireacht chomhuaineach mar a leanas:-

    "1. Luas na teangaireachta. Tig le hateangaire comhuaineach thart ar 9,000 focal a aistriú in aghaidh na huaire. Aistríonn ateangaire comhleanúnach thart ar 3,500 focal in aghaidh na huaire.
    2. Coigilt ama. Toisc an teangaireacht chomhuaineach a bheith chomh scioptha sin, is féidir le cainteoirí éagsúla i bhfad níos mó a rá agus níos mó ábhar a phlé. Ni bhíonn siad ag stopadh tar éis gach cúpla abairt chun deis a thabhairt don ateangaire comhleanúnach an méid a bhí ráite ag an gcainteoir a aistriú.
    3. Cruinneas an aistriúcháin. Go minic, déanann ateangairí comhleanúnacha achoimre ar an mhéid atá cloiste acu agus aistrítear an achoimre sin siocair go bhfuil próiseas na teangaireachta comhleanúnaí chomh leadránach, fadálach sin nach mian le hateangairí foighne na gcainteoirí agus an lucht éisteachta a bhriseadh. Aistríonn ateangairí comhuaineacha beagnach gach focal a chloiseann siad toisc go ligeann an trealamh teangaireachta dóibh éisteacht agus labhairt ag an am céanna. Dá bhrí sin, bíonn a leagan siúd níos dílse don bhunchaint ná leagan na n-ateangairí comhleanúnacha atá bunaithe go minic ar achoimrí agus ar nótaí.
    4. An timpeallacht oibre. Ar an ábhar nach mbíonn trealamh ar leith (i. bothán agus cluasáin) ag ateangairí comhleanúnacha bíonn orthu cur suas le gleo na timpeallachta. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn siad in ann i gcónaí éisteacht go géar le cainteoirí agus cailltear cuid den chaint nó éiríonn míthuiscint as an easpa cruinnis nó as an débhríochas. Cloiseann ateangairí comhuaineacha caint na gcainteoirí amháin agus cuireann sé seo go mór le cruinneas agus le caighdeán na teangaireachta.
    5. Rithim na cainte. Ní féidir rithim nó dinimic a chothú sa chaint agus an teangaireacht chomhleanúnach á húsáid mar bhealach aistrithe. Ní mór don chainteoir agus don ateangaire srian a chur lena chuid cainte arís agus arís eile. Leis an teangaireacht chomhuaineach tig le cainteoir ar bith leanacht ar aghaidh agus gach réimse den teanga a úsáid ar a shocúlacht féin."

    Dúirt an tUasal Ó Cróinín ag an am nach raibh dabht ar bith ann i láthair na huaire ná go bhfuil an teangaireacht chomhuaineach i bhfad níos éifeachtaí agus níos sásúla mar mhodh aistriúcháin má chuirtear í i gcomparáid leis an teangaireacht chomhleanúnach.

    Tá mionnscríbhinn thar ceann an iarratasóra curtha faoi bhráid na cúirte seo ag Donncha Ó Liatháin ina luann sé na buntáistí dar leis a bhaineann le haistriúchán comhuaineach agus an míbhuntáiste is mó a bhaineann leis an gcóras comhleanúnach dar leis go mór mhór go mbristear rithim agus móiminteam na gceisteanna agus maolaítear go mór ar éifeacht an chroscheistiú go bhfuil fíorthábhacht leis i gcás coiriúil.

    Trí mhionnscríbhinn Antoin Delap, Aturnae i mBaile Átha Cliath, deir sé go

    n-aontaíonn sé leis na pointí atá déanta ag an tUasal Ó Murchú maidir le buntáistí aistriúcháin chomhuainigh agus míbhuntáistí aistriúcháin chomhleanúnaigh.

    Tá ráiteas freasúra curtha isteach ag na freagróirí ina luaitear na pointí seo a leanas:-

    "1. Thar ceann an Aire:-
    1) Agóid – Tá teipthe ar an iarratasóir an Breitheamh Onórach a dhein an cinneadh don triail dul ar aghaidh le córas comhleanúnach a ainmniú mar fhreagróir sa chás seo. Is go príomha cinntí an Bhreithimh Onóraigh is ábhar don athbhreithniú seo. Ar an ábhar nach bhfuil an páirtí cuí ainmnithe ba chóir an cás seo a chur ar neamhní.
    2) Agóid – Tá an t-iarratas seo as am mar nach ndearnadh iarratas taobh istigh den am ceadaithe faoi Ordú 84 Riail 21.
    3) Agóid – Tá cosc ar bhun Éislis dlí ar an iarratasóir ceist chóras aistriúcháin comhaimseartha a ardú ag an am seo agus a fhios aige agus ag a chomhairleoirí dlí go raibh an triail le dul ar aghaidh le haistriúchán comhleanúnach ar a dhéanaí i Meán Fómhair 1998 nuair a deineadh iarratas ar athbhreithniú sa chás ar ábhair eile. Is míchleachtadh próise é iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh sa mhodh seo chun triail ar coireanna suntasacha a chur siar ó am go ham.
    4) Níl aon oibleagáid ar an bhfreagróir seo nó ar a chuid gníomhairí córas comhuaineach aistriúcháin a sholáthar sa chás seo.
    5) Níl aon oibleagáid aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge sa chás seo. An t-aon fheidhm le soláthar ateangaire sa chúirt ná chun a chinntiú go dtuigfear cad a deirtear.
    6) Níl aon chumhacht ag an bhfreagróir seo cosc a chur ar thriail an iarratasóra.
    7) Níl aon oibleagáid córas inniúil aistriúcháin comhaimseartha a sholáthar ar na fáthanna a luaitear ná sa mhodh a éilítear nó ar aon chor.
    8) Ní ionann triail le córas aistriúcháin comhleanúnach agus aon diúltú do chothrom na féinne, do chothromas nó do chearta an iarratasóra.
    9) Ní ghlactar leis go bhfuil an córas aistriúcháin comhleanúnach mar chonstaic mhíréasúnta ná éagórach ná leatromach ná gur bac é ar éisteacht chóir de réir dlí.
    10) Ní ghlactar go sáraíonn an córas aistriúcháin comhleanúnach aon chuid de fhorálacha an Bhunreachta ná freagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge.
    11) Ní ábhar é ar athbhreithniú don chúirt tabhairt faoi thaighde ar lochtanna nó ar bhuanna aon chórais faoi leith ateangaireachta.
    12) Ní ghlactar le fírinne na bhfíricí a chuirtear chun cinn san iarratas seo.
    13) Níl an tiarratasóir i dteideal na bhfaoiseamh a lorgaítear ná aon cheann acu."

    Thar ceann an Stiúrthóra luadh na nithe seo a leanas:-

    "1. Agóid– Ní bhaineann an cás seo le freagrachtaí Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus ní páirtí ceart é sa chás seo.
    2. Agóid – Tá teipthe ar an iarratasóir an Breitheamh Onórach a dhein an cinneadh don triail dul ar aghaidh le córas comhleanúnach a ainmniú mar fhreagróirí sa chás seo. Is go príomha cinntí an Bhreithimh Onóraigh is ábhar don athbhreithniú seo. Ar an ábhar nach bhfuil an páirti cuí ainmnithe ba chóir an cás seo a chur ar neamhní.

    5. Ní ann don Chúirt seo aon bhac a chur ar an bhfreagróir seo an cás coiriúil a chur faoi bhráid na cúirte. Is don Chúirt Choiriúil féin, faoi stiúir na Cúirte seo, aon cheist i dtaobh reachtáil na n-imeachtaí agus is i leith na Cúirte Coiriúla is ceart aon fhaoiseamh a lorg."

    mar aon leis na pointí ag uimhir a dó agus a trí ag ráiteas an Aire.

    Thar ceann an tSeirbhís Chúirteanna cuireadh ráiteas freasúra isteach inar luadh na pointí seo a leanas:-

    "2. Maidir leis an gcóras aistriúcháin atá ar fáil don iarratasóir sna himeachtaí seo ag éisteacht na caingne seo, comhlíonann sé na cearta agus na pribhléidí bunreachtúla go léir a theachtann an tiarratasóir agus ní hionann é agus constaic ná bac ar an iarratasóir ina thriail nó i dtaca lena thriail atá os comhair Cúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath.
    3. Tá an tríú freagróir atá ainmnithe, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí tar éis na cearta agus na pribhléidí bunreachtúla go léir atá ar fáil don iarratasóir a thabhairt dó, agus, leanfaidh sé nó siad de na cearta agus na pribhléidí sin a thabhairt dó, agus ceadóidh sé nó siad dó a chás a sheoladh i nGaeilge.
    4. Níl aon cheart á cheilt ar an iarratasóir chun a chás a sheoladh sa teanga a roghnaíonn sé ná níl an tríú freagróir atá ainmnithe ag déileáil leis an iarratasóir ar shlí éagothrom nó neamhbhunreachtúil sa mhodh atá líomhnaithe sa ráiteas foras nó ar aon slí.
    5. Ní dhéanann an córas aistriúcháin atá curtha ar fáil ag an tríú freagróir atá ainmnithe, ag a sheirbhísí nó ag a ghníomhairí, an tiarratasóir a chur i mbaol ar an modh atá líomhnaithe nó ar aon slí, agus ní hionann an córas aistriúcháin sin atá ar fáil don iarratasóir agus cur isteach dochrach ar thriail an iarratasóra ar an modh atá líomhnaithe nó ar aon slí.
    6. Níl ag an gcóras aistriúcháin comhuaineach na buntáistí a éilíonn an tiarratasóir ina leith agus tá an tríú freagróir atá ainmnithe, a sheirbhísigh agus a ghníomhairí den tuairim gurb é an córas aistriúcháin comhleanúnach atá á chur fáil ag an tríú freagróir atá ainmnithe, ag a sheirbhísigh nó ag a ghníomhairí an modh is sábháilte chun aon triail ina bhfuil fianaise á tabhairt i níos mó ná aon teanga amháin a sheoladh.
    7. Níl an tríú freagróiri atá ainmnithe ag sárú aon cheann d'fhorálacha Bhunreacht na hÉireann, maidir leis an modh ina mbeartaíónn sé seirbhísí agus saoráidí a sholáthar maidir le seoladh thriail choiriúil an iarratasóra sna himeachtaí seo, ar an modh atá líomhnaithe nó ar aon slí.
    8. Ní dhéanfaidh soláthar córais aistriúcháin chomhleanúnaigh dochar do thriail an iarratasóra sna himeachtaí seo ar an modh atá líomhnaithe nó ar aon slí.
    9. Ní hionann soláthar córais aistriúcháin chomhleanúnaigh agus aon bhac ná constaic neamhréasúnach ar an iarratasóir le linn dó cosaint a dhéanamh ar imeachtaí coiriúla atá os comhair Chúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath faoi láthair, ar an modh atá líomhnaithe nó ar aon slí.
    10. Ní hionann soláthar córais aistriúcháin chomhleanúnaigh ag an tríú freagróir atá ainmnithe agus sárú ar aon pholasaí dátheangachais nó ar aon cheart bunreachtúil, ar an modh atá líomhnaithe nó ar aon slí.
    11. Chomhlíon an tríú freagróir atá ainmnithe, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí gach ordú a rinneadh agus gach gealltanas a tugadh i leith thriail an iarratasóra agus leanfaidh sé nó siad de sin a dhéanamh go dtí deireadh thriail an iarratasóra sna himeachtaí seo.
    12. Gan dochar don mhéid sin roimhe seo, tá an tríú freagróir atá ainmnithe den tuairim gur faoi rogha bhreitheamh na trialach a sheolann triail choiriúil an iarratasóra atá sé aon orduithe a thabhairt maidir le soláthar córais aistriúcháin agus nach ábhar é atá oiriúnach le haghaidh athbhreithnithe bhreithiúnaigh.
    13. Gan dochar don mhéid sin roimhe seo, tá an tríú freagróir atá ainmnithe den tuairim nach bhfuil na nithe atá os comhair na Cúirte Onóraí seo ina n-ábhar le haghaidh athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus go gcoisceann moill an iarratasóra sna himeachtaí seo air na faoisimh a lorgaítear sna himeachtaí seo a lorg.
    14. Gan dochar don mhéid roimhe seo, tá an tríú freagróir atá ainmnithe den tuairim nach bhfuil sé oiriúnach don iarratasóir na himeachtaí seo a choimeád ar bun sa mhéid gur tharla saincheisteanna den tsamhail cheannann chéanna in athbhreithniú breithiúnach eile Ard-Chúirte agus go bhfuiltear ag fanacht le breithiúnas i leith na n-imeachtaí sin.
    15. Gan dochar don mhéid sin roimhe seo, tá an tríú freagróir atá ainmnithe den tuairim go bhfuil a chuid feidhmeanna agus dualgas go léir curtha i gcrích aige i leith an iarratasóra sna himeachtaí seo ar mhodh cóir bunreachtúil agus gur ról riaracháin amháin atá aige i leith cásanna a sheoladh i gcoitinne seachas aon rialú sonrach a dhéanamh maidir le cás ar leithligh a sheoladh. I dtaca leis sin de, tá an tríú freagróir atá ainmnithe den tuairim gur faoi bhreitheamh na trialach a bheidh ag déileáil le cás an iarratasóra atá sé aon rialú nó ordú sonrach a dhéanamh i dtaobh conas is ceart leanúint ar aghaidh le cás an Iarratasóra. Urramóidh an tríú freagróir atá ainmnithe aon treoir nó ordú den tsórt sin.
    16. Gan dochar don mhéid sin roimhe seo, tá an tríú freagróir atá ainmnithe den tuairim go bhfuil an córas comhleanúnach aistriúcháin níos sábháilte agus níos oiriúnaí mar mhodh aistrithe teangacha ná an córas comhuaineach aistrithe teangacha, agus, de thoradh córas aistriúcháin comhleanúnach a sholáthar, nach mbeidh aon iarmhairt dhochrach ann do thriail choiriúil an Iarratasóra sna himeachtaí seo."

    Tá mionnscríbhinn ag Aonghus Dwane, Aturnae in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit thar ceann an chéad agus an dara freagróra sa chás seo. Cuireann sé in iúl gur tháinig an tiarratasóir os comhair na cúirte in 1997 ar choireanna in 1994 a cuireadh ina leith. Cuireann sé in iúl don gcúirt go n-admhaíonn aturnae an Iarratasóra go bhfuair sé treoracha ó thús ón iarratasóir a chúis a chur i láthair i nGaeilge. I nDeireadh Fómhair 1998 rinne sé iarratas athbhreithnithe san Ard-Chúirt ag gearán i dtaobh scríbhinn chruinn den fhianaise a lorg. Creideann an tUasal Dwane go raibh sé ar chumas an iarratasóra an cheist atá faoi bhráid na cúirte anseo a ardú san athbhreithniú i nDeireadh Fómhair 1998. Deirtear nach bhfuil aon fáth tugtha le cén fáth nach ndearna sé é sin ag an am. Deir an tUasal Dwane gur ceist í seo a bhaineann leis an modh ina reachtáiltear aistriúcháin sna cúirteanna, nach féidir ach go raibh a fhios ag an iarratasóir, a aturnae agus a abhcóide é sin siar i 1998. Ní go dtí Márta 2000 a thosaigh an tiarratasóir, trí a aturnae, ag ardú na ceiste i litreacha. Deir an tUasal Dwane gur cheist ghinearálta faoi mhodh trialach ceist an chórais aistriúcháin.

    Ní ceist í a bhaineann le haon ní eisceachtúil a tharla sa chás seo. Dar leis, bhí a fhios ag an iarratasóir agus a fhoireann dlí i 1997 go mbeadh ateangaire ag aistriú ar mhodh comhleanúnach i rith an triail. Ós rud é nár deineadh iarratas athbhreithnithe ar an bpointe seo go dtí Meitheamh 2000 níor deineadh aon iarratas taobh istigh den am i bhforálacha Ordú 84 Riail 21 alt a haon de Rialacha na Cúirte Uachtaraí agus níl aon fáth maith ar chóir don chúirt seo síneadh ama a thabhairt don iarratasóir chun an cheist seo a ardú anois. Deir sé go bhfuil an tiarratasóir as am chun an cheist seo a ardú agus go mbeadh sé míchóir cosc níos faide a chur ar an gcás coiriúil. Creideann sé go bhfuil míchleachtadh próiséise i gceist nuair a cheadaítear athbhreithniú a thógaint, ceann i ndiaidh an cheann éile, chun moill a chur ar chúis. Is argóint an fhormhóir atá le fáil sa mhionnscríbhinn seo.

    Tá mionnscríbhinn ag Seosamh Ó Braonáin, Oifigeach Cúirte atá ina Phríomhoifigeach sa tSeirbhís Chúirteanna. Deir sé go bhfuil saoráidí taifeadta ar fáil i gcoitinne sna Ceithre Chúirt agus beidh saoráidí taifeadta ar fáil le linn thriail an iarratasóra. Tugann sé le fios go bhfuil níos mó ná deich gcinn de mheaisíní taifeadta Lanier ar fáil ag an tSeirbhís Chúirteanna agus go bhfuil gach ceann de na meaisiní sin in ann trí mhícreafón a úsáid agus iad in ann taifeadadh a dhéanamh go leanúnach ar feadh tréimhse trí uair a chloig. Deir sé go bhfuil na saoráidí taifeadta sin in úsáid le roinnt blianta sna cúirteanna. Deir sé go n-úsáidfear ceann de na meaisíní sin ag triail an Iarratasóra.

    Maidir leis an modh aistriúcháin deir sé gurb é an modh aistriúcháin a beartaíodh ná an modh a bhí in úsáid de ghnáth i gcomhréir le gnáthpholasaí na Seirbhíse Cúirteanna ar chúrsaí aistriúcháin i gcúirteanna na hÉireann ar feadh cuid mhór blianta, sé sin le rá, aistriúchán comhleanúnach. Deir sé gur trí leas a bhaint as an modh sin a dhéanann ateangaire cuícháilithe gach abairt a aistriú nó aistríonn sé nó sí gach focal nach mór a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge nó vice versa. Tagraíonn an tUasal Ó Braonáin don gcomhfhreagras idir an tUasal Ó Murchú agus Margaret O'Neill, Príomhoifigeach de chuid na Seirbhíse Chúirteanna, i Meitheamh 2000.

    Deir an tUasal Ó Braonáin go measann an tSeirbhís Chúirteanna gur faoi bhreitheamh na trialach amháin atá sé cinne a dhéanamh ar an modh inar chóir triail a sheoladh agus ní mheasann sé go bhfuil sé i dteideal aon socrú éagsúil a chur in ionad na socruithe láithreacha muna n-ordaíonn nó muna gceadaíonn breitheamh na trialach socrú éagsúil den sórt sin. Measann an tSeirbhís Chúirteanna mar sin go bhfuil oibleagáid uirthi déanamh de réir na n-orduithe a thug an Breitheamh Dunne maidir le seoladh thriail an iarratasóra sa Chúirt Chuarda Choiriúil mar atá leagtha amach i scríbhinn an 2ú lá de Mheitheamh 2000. Deir an tUasal Ó Braonáin gur léir dó nach raibh aon deacracht ag an mBreitheamh Dunne maidir leis an socrú taifeadta agus aistriúcháin a bhí molta ag an ionchúiseamh agus a bheartaigh an tSeirbhís Chúirteanna a sholáthar le linn thriail an Iarratasóra. Cuireann an tUasal Ó Braonáin in iúl nuair is gá aistriúchán a dhéanamh go teangacha agus ó theangacha seachas Gaeilge nó Béarla is é gnáthpholasaí na Seirbhíse Cúirteanna aistriúchán comhleanúnach a sholáthar trí aistritheoir cuícháilithe.

    Míníonn an tUasal Ó Braonáin go bhfuil an costas coibhneasta maidir le haistriúchán comhuaineach seachas comhleanúnach a sholáthar i bhfad níos mó ar feadh roinnt cúiseanna. Cuireann sé in iúl go mbíonn cuid mhór trealaimh ann i gcás aistriúcháin chomhuainigh. Chomh maith leis sin tuigeann sé go mbíonn gá le hoiliúint de chineál éagsúil le haghaidh aistriúcháin chomhuainigh. Deir sé nach mbíonn gach aistritheoir atá cáilithe chun aistriúchán comhleanúnach a dhéanamh cáilithe chun aistriúchán comhuaineach a dhéanamh. Deir sé go bhfuil an obair a bhaineann le haistriúchán comhuaineach níos casta agus níos éilitheach agus dá bhrí sin bíonn níos mó brú ann. Bíonn sé níos tuirsiúla agus fágann sé nach bhfuil an t-aistriúchán chomh cruinn agus go dtugtar athleaganacha. Deir sé nach mór d'aistritheoir comhuaineach aistriúchán a dhéanamh ag an luas céanna leis an gcainteoir agus ní bhíonn an t-am aici nó aige machnamh a dhéanamh chun teacht ar an leagan is fearr cainte. Deir sé de ghnáth ní oibríonn aistritheoir ar feadh tréimhsí is faide ná 35 nóiméad go huair a chloig as a chéile. Dá réir sin, dá n-úsáidfí aistriúchán comhuaineach in aon imeachtaí ba ghá, ar dtús, a chinntiú go mbeadh sách mór aistritheoirí comhuaineacha cuícháilithe ar fáil agus iad in ann imeachtaí dlí a aistriú agus ina dhiaidh sin a chinntiú go mbeadh líon dóthaineach aistritheoirí den sórt sin ar fáil chun sealaíocht a dhéanamh le linn na trialach.

    Déanann an tUasal Ó Braonáin idirdhealú idir imeachtaí os comhair Cúirte Bhreithiúnais an Chomhphobail Eorpaigh agus imeachtaí i gcúirteanna na tíre seo.

    Deir an tUasal Ó Braonáin nach mór don tSeirbhís Chúirteanna a chinntiú freisin go gcoimeádtar caighdeán thaifead na n-imeachtaí ar bun. Glacann sé go mbíonn níos mó ama ag teastáil ina lán cásanna le haghaidh aistriúcháin chomhleanúnaigh ach deir sé go bhféadfaidh gach duine sa chúirt gach rud a deirtear a chloisteáil. Deir sé dá réir sin féadfaidh aon duine dátheangach atá sa chúirt cibé acu an breitheamh, dlíodóir, giúróir nó eile, a aird a thabhairt ar na focail a deir an páirtí nó an dlíodóir a bhíonn ag labhairt chomh maith le haird a thabhairt ar an aistriúchán ar a chuid/cuid focal de réir mar a deir an ateangaire iad. Deir sé má dhéantar botún san aistriúchán go mbíonn dlíodóir nó an breitheamh in ann aird an ateangaire nó na cúirte a tharraingt ar an mbotún agus a thabhairt faoi deara an botún a cheartú. Deir sé nach mbeidh an rialú caighdeáin sin ar fáil i gcás aistriúcháin chomhuainigh agus i ngiotanna, níorbh eol don gcúirt an bhfuil aon duine ar leithligh ag éisteacht leis an leagan Gaeilge nó leis an leagan Béarla ag aon tráth áirithe. Luann sé ábhar imní a léirigh an Breitheamh Dunne nuair a deir sí go gcailltear cuid mhór de ghaireacht na fianaise nuair a bhíonn aistriúchán comhuaineach ann agus ó tharla go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh na giúróirí ag éisteacht leis an aistritheoir fhad is atá an finné ag labhairt go cailltear tuin chainte finné, moill freagartha finné nó cinnteacht finné nuair a éistear le haistriúchán comhuaineach. Dá bhrí sin dar leis tá baol ann go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfaidh aistriúchán comhuaineach dochar do chumas an ghiúré breithiúnas a thabhairt ar inchreidteacht finné.

    Dar leis dá mbeadh aistriúchán comhuaineach in úsáid bheadh dhá leagan de na himeachtaí ann dáiríre agus bheadh deacracht bhreise ann dá bharr sin i dtaca le taifead cuí na n-imeachtaí a shainaithint. Dá ndéanfaí téipthaifeadadh ba ghá i gcás aistriúchán comhuaineach a bheith ann taifeadadh a dhéanamh ar na focail bhunaidh a deirtear sa chúirt cibé acu i nGaeilge nó i mBéarla agus ar na focail a deir an

    t-aistritheoir. Ní bheifí in ann a rá go cinnte cé na sleachta de na taifeadtaí éagsúla a chuala an giúróir ar leith nó aon duine eile a bhí i láthair sa chúirt. Bheadh cúis imní ag an tSeirbhís Chúirteanna mar sin i dtaobh conas a d'fhéadfaí an taifead ar na himeachtaí a shainaithint chun críocha achomhairc. Deir sé gur fíor sin ach go háirithe ag féachaint don cheanglas i Rialacha na Cúirte Achomhairc Choiriúil faoina comhdhéanamh láithreach lena gceanglaítear scríbhinn dheimhnithe a sholáthar de na himeachtaí a ndéantar achomharc ina gcoinne mar gur léir, de réir na Rialacha sin, in aon chás ina n-úsáidtear aistriúchán comhuaineach go gceanglaítear scríbhinn de gach ceann de na leaganacha a chur ar fáil.

    Deir an tUasal Ó Braonáin nach bhfuil aon luathscríobhaí ag cleachtadh sa Stát faoi láthair atá in ann nóta luathscríbhneoireachta a ghlacadh go díreach i nGaeilge. Ach tá luathscríobhaí amháin ar a laghad ann ar féidir leis scríbhinn a chur ar fáil i nGaeilge amháin más gá sin cé go nglacann sé a nóta bunaidh trí Bhéarla Pitman. Ach tá mionnscríbhinn curtha isteach ag an iarratasóir. Argóint go mór mhór atá ann. Ag an am céanna ní ghlacann sé leis an méid atá le rá ag an Uasal Ó Braonáin maidir le himeachtaí na Cúirte Cuarda ar an 2ú lá de Mheitheamh 2000. Deir sé nár dhein an Breitheamh Dunne aon ordú ar an gceist cé acu ar chóir córas comhuaineach nó córas comhleanúnach aistriúcháin a bheith in úsáid le linn na trialach. Deir sé gur thug sí tuairim uaithi nár mhaith léi go mbeadh córas comhuaineach in úsáid ach ghlac sí go raibh an cheist le hardú san Ard-Chúirt agus nach raibh sí ag plé leis an ngné sin den scéal.

    Mhionnaigh Gearóid Ó Casaide mionnscríbhinn thar ceann an tSeirbhís Chúirteanna. Deir sé gur aistritheoir agus ateangaire é. Deir sé go bhfuil taithí aige ar aistriúchán comhuaineach agus aistriúchán comhleanúnach a dhéanamh ar chomhdhálacha agus sna cúirteanna. Deir sé go bhfuil sé údaraithe go cuí ag an tSeirbhís Chúirteanna chun an mhionnscríbhinn seo a dhéanamh thar a ceann. Mheas sé de réir na taithí sin is féidir leis a rá go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an dá chineál aistriúchán sin.

    I dtaca le haistriúchán comhleanúnach de, dar leis is é an buntáiste is mó ná go bhfuil smacht níos mó ag an ateangaire ar an suíomh ina bhfuil sé nó sí. Is é a tharlaíonn i gcás aistriúcháin chomhléanúnaigh ná go mbíonn deis ag an ateangaire aistriúchán a dhéanamh tar éis gach cúpla abairt, sé sin le rá, stopann an cainteoir le deis a thabhairt don ateangaire labhairt. I gcás nach labhrann duine go soiléir is féidir leis an ateangaire a iarraidh ar an duine sin an abairt a rá athuair. Má táthar ag léamh as scríbhinn is féidir leis an ateangaire cóip den scríbhinn a fháil agus ciallaíonn sé sin gur fusa coinneáil suas leis an gcaint. Is deacair aon chuid den chaint a chailliúint nuair a dhéantar aistriúchán comhleanúnach mar gur féidir leis an ateangaire a iarraidh ar chainteoirí rudaí a athrá i gcás amhrais nó deacrachtaí éisteachta. Is é an míbhuntáiste is mó a bhaineann le haistriúchán comhleanúnach ná an méid ama a thógann sé chun dul tríd na himeachtaí sa mhéid is go ndeirtear gach rud faoi dhó agus go mbíonn ar chainteoirí rudaí a athrá uaireanta chun cabhrú leis an ateangaire abairt a thuiscint i gceart.

    An mhéid a bhaineann le haistriúchán comhuaineach dar leis is é an buntáiste is mó ná gur féidir le himeachtaí le linn comhdhála, mar shampla, leanúint ar aghaidh gan aon chur isteach. Labhraíonn duine i dteanga amháin agus tá aon duine nach dtuigeann an teanga sin in ann éisteacht le haistriúchan i dteanga a thuigeann sé nó sí. Is ar an dóigh sin gur féidir leanúint ar aghaidh amhail is gur aon teanga amháin atá á labhairt agus go dtuigeann gach duine an teanga sin. Ó thaobh an ateangaire de, nuair a bhíonn aistriúchán comhuaineach á dhéanamh le linn comhdhála, is minic a fhaightear scríbhinn den léacht/óráid atá le tabhairt ag cainteoirí agus ciallaíonn sé sin gur féidir ullmhúchán a dhéanamh; is buntáiste mór é sin don ateangaire. De ghnáth ní ullmhaítear scríbhinní den fhianaise ná de smaointe na habhcóide sna cúirteanna in Éirinn. Os a choinne sin tá roinnt míbhuntáistí ann freisin. I gcás ina mbíonn fadhb leis an trealamh cailleann an ateangaire cuid den gcaint agus ní bhíonn sé nó sí in ann aon aistriúchán a thabhairt. Má labhrann cainteoir ó scríbhinn nach bhfuil feicthe ag an ateangaire, d'fhéadfadh fadhbanna a bheith ann; mar shampla, nuair a bhíonn duine ag léamh is minic a bhíonn luas na cainte níos gaiste ná gnáthluas cainte agus ciallaíonn sé sin go bhfuil sé deacair coinneáil suas leis an gcainteoir agus nuair a tharlaíonn sé sin, cailltear cuid den chaint. Muna labhrann duine go soiléir nó muna labhrann duine isteach sa mhícreafón d'fhéadfadh fadhbanna a bheith ann maidir leis an gcaint a chloisteáil. Deir sé áit a bhfuil an-tábhacht ag baint le cruinneas an aistriúcháin, is é a thuairim féin gur fearr aistriúchán comhleanúnach a úsáid ná aistriúchán comhuaineach.

    Tá mionnscríbhinn curtha isteach ag Mícheál Ó Cróinín thar ceann an iarratasóra. Deir sé go bhfuil sé cáilithe mar dhochtúir agus go bhfuil sé mar Dhéan ar Dhámh na nDán in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is stiúrthóir é ar an Lárionad um Staidéar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Deir sé gur iar-uachtarán agus ball gairmiúil é de Chumann Aistritheoirí na hÉireann. Tugann sé léachtaí faoi theoiric na teangaireachta ar an gcúrsa MA sa Teangaireacht Chomhdhála in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is é an t-údar ar an leabhar Translating Ireland: Translation, Languages, Cultures foilsithe ag Cló Ollscoile Corcaí i 1996. Deir sé ó thriail Nuremberg ar aghaidh go nglactar leis go coitianta gurb é an córas comhuaineach aistriúcháin an córas aistriúcháin is éifeachtaí dá bhfuil ann. Deir sé gurb é údar an litir a d'fhoilsigh Pól Ó Murchú sa mhionnscríbhinn dar dáta an 20ú lá de Mheitheamh 2001 agus in éineacht lena bhfuil ráite aige sa litir iarradh air a thuairim faoi mhionnscríbhinn Ghearóid Ua Casaide a thabhairt. Deir sé de bhrí go mbíonn ar an ateangaire comhuaineach éisteacht go cruinn le gach focal a deirtear chun go mbeidh sé in ann brí iomlán na cainte a thuiscint agus a aistriú ní chailltear aon chuid den chaint. Sa teangaireacht chomhleanúnach bíonn an claonadh ann i gcónaí achoimre a thabhairt ar an méid a deirtear seachas leagan iomlán na cainte. Ní mar sin atá sa teangaireacht chomhuaineach siocair go bhfuil an próiseas 'comhuaineach', sé sin, leanann an ateangaire an cainteoir focal ar fhocal. Deir sé go gcuireann trealamh an aistriúcháin chomhuainigh go mór le caighdeán na teangaireachta. Le cluasáin is féidir leis an ateangaire gach uile rud a deirtear a chloisteáil agus ní chuireann gnáthghleo na timpeallachta isteach air. Toisc go bhfuil mícreafón aige féin agus cluasáin ag an lucht éisteachta tig leo chuile fhocal a deir an ateangaire a chloisteáil ainneoin gnáthghleo na cúirte, nó suíomh an chainteora – an finné nó an cosantóir mar shampla, i bhfad ón té atá ag éisteacht leis.

    Deir sé nach bhfuil aon dabht ná go mbaineann teangaireacht chomhleanúnach i bhfad níos mó ama ná an teangaireacht chomhuaineach. Deir sé má labhrann duine mionteanga, mar shampla an Ghaeilge, is furasta drochíomhá a chruthú den té a bhaineann as a cheart bunreachtúil toisc go gcuireann úsáid na teangaireachta comhleanúnaí an oiread sin moille ar imeachtaí na cúirte. Ní bheadh an fhadhb sin ann in aon chor dá mbeadh an teangaireacht chomhuaineach mar bhunchóras teangaireachta sna cúirteanna. Deir sé go mbíonn sé mar dhualgas ar an ateangaire gairmiúil gaireacht na fianaise a chur in iúl don lucht éisteachta. Is é sin le rá caithfidh sé tuin chainte, moill freagartha, éiginnte, mothúcháin an chainteora agus araile a léiriú ina aistriúchán féin. Is ceann de na bunscileanna a bhíonn ag ateangaire ná gnéithe seo de chaint an duine a thabhairt leis. Deir sé nach bhfuil aon amhras ann ná go mbeadh an teangaireacht chomhuaineach i bhfad níos sásúla agus i bhfad níos éifeachtaí ná an teangaireacht chomhleanúnach mar ghnáthchóras teangaireachta sna cúirteanna. Creideann sé go bhfuiltear ag tabhairt comhurraim agus comhionannas don té a úsáideann an Ghaeilge sa chomhthéacs sin, sé sin teangaireacht chomhleanúnach. Deir sé ach nach ann don mhíbhuntáiste sin ach an córas comhuaineach a bheith in úsáid. Deir sé áfach nach bhfuil aige ach breaceolas ar an gcúis seo agus nach raibh teagmháil aige riamh leis an iarratasóir san aithbhreithniú breithiúnach seo.

    Croscheistíodh an tUasal Delap ar a mhionnscríbhinn. Deir sé nár phléigh sé riamh le haon chás ina raibh aistriúchán ar siúl. Chuir sé in iúl freisin nach raibh sé in ann fianaise a thabhairt faoi aon chás ina raibh giúré ag éisteacht le fianaise a bhí aistrithe. Níl a leithéid déanta aige os comhair ghiúré.

    Dúirt sé go nglacann sé go mbeidh deacracht de shaghas amháin nó de shaghas eile le haon chás cúirte ina bhfuil fianaise á aistriú. Dúirt sé nach raibh sé i láthair i gcás ar bith ina raibh aistriúchán comhleanúnach nó comhuaineach ar siúl os comhair ghiúré. Dúirt an tUasal Delap nach bhfuil a fhios aige cén córas teangaireachta a úsáidtear i gcásanna coiriúla in aon tír eile. Deir sé go raibh sé ina dhlíodóir ag iarratas a bhí os comhair an bhinse luachála ina raibh córas comhuaineach i bhfeidhm. Deir sé go raibh ateangaire oifigiúil gairmiúil ó Rannóg an Aistriúcháin i mbun na seirbhíse. Deir sé go raibh sé thar a bheith éifeachtach agus gur ghluais an rud go réidh. In amannta bhain comhaltaí den bhinse leas as na cluasáin agus in amannta eile scoir siad leo.

    Ghlac an tUasal Delap nár saineolaí é ar chúrsaí aistriúcháin.

    Croscheistíodh an tUasal Ó Liatháin ar an méid a mhionnaigh sé ina mhionnscríbhinn. Glacann sé go bhfuil stopadh agus stad i gceist ar aon nós nuair atá dhá theanga in úsáid. Bhí sé páirteach i bpléideáil i gCúirt Chéad Ásc na hEorpa i Lucsamburg agus sin an t-aon cás amháin a bhfuil taithí go pearsanta aige air.Bhí triúr breitheamh ar an mbinse agus bhí seisean ag gníomhú ar son an éilitheora. Bhí na haighneachtaí os comhair na cúirte roimh ré agus iad léite ag na breithimh. Ní raibh aon fhianaise á tabhairt sa chás sin.

    Dúirt an tUasal Ó Liatháin nach bhfuil aon saineolas aige ar chruinneas chóras amháin seachas córas eile. Glacann sé go bhfuil tábhacht ag baint le cruinneas. Deir sé go bhfuil gá le gluais agus tuiscint agus go mbeidh an dá rud ag dul le chéile. Dúirt sé go raibh taithí aige ar chásanna sa Chúirt Dúiche agus é ag croscheistiú agus dar leis bhí níos mó ama ag an bhfinné freagra a ullmhú agus é á croscheistiú ag an am leis an gcóras comhleanúnach.

    Croscheistíodh an tUasal Ó Murchú ar an méid atá ina mhionnscríbhinn. Ghlac sé nach raibh ann ach dhá fhinné déag i leabhar na fianaise de agus go bhfuil roinnt díobh a chruthaíonn doiciméid. Deir sé freisin go bhfuil triúr de na finnéithe ó thaobh an Stáit de ag tabhairt fianaise ar na cuntaisí gabhála nó na custody records. Ghlac an tUasal Ó Murchú ó thaobh líon na bhfinnéithe nach cás eisceachtúil é.

    Dúirt an tUasal Ó Murchú go raibh taithí aige ar chás os comhair na cúirte agus an córas comhleanúnach á úsáid. I gcás ceann de na cásanna deir sé go raibh sé fíordheacair ag déileáil leis an gcás mar go raibh an finné ag tabhairt fianaise agus ansin bheadh air stopadh agus ansin d'aistreofaí an fhianaise sin go Gaeilge. Deir sé go raibh rith an cháis ag briseadh an t-am ar fad. Sa chás sin bhí an t-aistriúchán ar siúl an dá threo, sin ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge. Dúirt an tUasal Ó Murchú go ndearna an fear teangan jab iontach sa chás sin. Deir sé go raibh ionadh air chomh maith is a bhí an scil a bhí ag an fear teangan. Deir an tUasal Ó Murchú nach raibh sé féin páirteach in aon chás coiriúil os comhair ghiúré le córas comhuaineach. Glacann an tUasal Ó Murchú go bhfuil sé fíorthábhachtach éisteacht leis an bhfianaise atá an giúré ag fáil.

    Croscheistíodh an tUasal Ó Cróinín ar a mhionnscríbhinn. Dar leis san Eoraip an t-aon tír ina n-úsáidtear an córas comhuaineach ó thaobh fianaise a aistriú i gcásanna coiriúla ná an Ísiltír. Luadh leabhar le Mary Phelan The Interpreter's Resource ina ndeir sí inter alia mar a leanas:-"Within Europe the provision of interpreting the courts varies enormously from one country to another."

    Dúirt an tUasal Ó Cróinín nár aontaigh sé leis an tuairim a bhí ag an mBreitheamh Dunne nuair a dúirt sí "[l]istening to the simultaneous translation would prevent hearing the witness speak. In the case of a jury trial, it is seen that the intonation of a witness, the hesitation of a witness, the certainty of a witness, will all be smothered by a simultaneous translation." Deir an tUasal Ó Cróinín gur ceann de na bunspriocanna atá ag duine agus é ag iarraidh duine éigin a ullmhú ná go mbeadh a fhios ag an té atá ag éisteacht leis an teanga go comhuaineach go bhfuil drogall ar dhuine rud éigin a rá, go stopann sé, go mbeadh sin ar eolas ag an duine atá ag éisteacht. Deir sé go gcaithfidh an ateangaire comhuaineach gach uile rud a aistriú agus cuimsíonn sé sin an stíl chainte atá ag an duine. Ní amháin ábhar na cainte ach stíl na cainte freisin.

    Deir an tUasal Ó Cróinín dar leis an t-aon laige atá ag baint leis an gcóras comhuaineach ná go mbíonn ar na cúirteanna beirt ateangaire a bheith i láthair. Deir sé gur féidir leis an ateangaire leanúint ar feadh 30 nó 45 nóiméad. Chun a bheith cinnte go bhfuil an t-aistriúchán cruinn leis an gcóras dhá rianach, sin an twin tracking system, is féidir an dá theanga a thaifeadadh agus cruinneas na teanga a mheas de réir an taifeadta. Is féidir é sin a dhéanamh ag deireadh an cháis nó i ndiaidh na fianaise. Ceapann sé go bhfuil sé deacair i gcás teangacha atá ag teacht os comhair na cúirte cruinneas na teangaireachta a mheas muna bhfuil an teanga sin nó an ateangaire ar an eolas ag na daoine atá sa chúirt. Deir sé nach bhfuil aon chóras ann faoi láthair seachas móid a ghlacann an ateangaire. Glacann sé gurb é sin ceann de na fadhbanna atá ag baint leis an gcóras comhuaineach.

    Dúirt an tUasal Ó Cróinín gurb é a tharlaíonn i gcás na teangaireachta comhleanúnaí ná go mbíonn an claonadh ann fiú i gcás ateangairí oilte maidir leis an teangaireacht chomhleanúnach achoimre a dhéanamh ar an méid atá ráite ag daoine sa chúirt. Deir an tUasal Ó Cróinín go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le luas na cainte ach i gcás teangaireacht chomhuaineach tá dhá réiteach ar an scéal sin. Is féidir leis an ateangaire solas a lasadh. Ciallaíonn sé sin don té atá ag labhairt gan labhairt chomh scioptha sin. Deir sé gur féidir freisin a lámh a ardú nó iarraidh ar an mbreitheamh b'fhéidir nó ar an bhfinné dul níos moille. Deir an tUasal Ó Cróinín go mbaineann luas na teangaireachta le struchtúr na teangan. Má tá fadhb ag aistritheoir comhleanúnach bíonn an fhadhb ansin láithreach agus bíonn an ateangaire in ann iarraidh ar an bhfínné an méid atá le rá a rá arís. Deir an tUasal Ó Cróinín gurb é sin ceann de na deacrachtaí a bhaineann le teangaireacht chomhuaineach agus is féidir na deacrachtaí sin a shárú le hoiliúint cheart a thabhairt do ateangairí. Caithfear a chur in iúl don ateangaire nach bhfuil ach seans amháin aige nó aici an abairt a aistriú agus caithfidh sé nó sí éisteacht go géar leis an méid atá le rá ag an bhfinné. Glacann sé go bhfuil an bhéim ar chruinneas.

    Luadh leabhar ag Holly Nicholson dar teideal The Introduction to Court Interpreting ina ndeir sí "In some jurisdictions such as the state of California, a further distinction is made between court interpreters who work in criminal and civil proceedings in courts of law, and administrative hearing interpreters who provide services in hearings conducted by the administrative law judges under the auspices of state government agencies. In the United States most interpreting in legal settings is done in the simultaneous mode although consecutive is the mode of choice for witness testimony." Deir an t-údar freisin "but in other countries interpreted court proceedings are most likely to use the consecutive mode". Ghlac an tUasal Ó Cróinín leis an méid sin.  Deir an tUasal Ó Cróinín i gcás na gcúirteanna níl staidéar sásúil déanta ar chóras na teangaireachta comhuainigh agus córas na teangaireachta comhleanúnaí ach go ginearálta mar phrionsabal agus mar sin is dóigh leis go bhfuil an teangaireacht chomhuaineach ar siúl i 95% de chomhdhálacha agus de chruinnithe idirnáisiúnta. Ghlac an tUasal Ó Cróinín go bhfuil tuairim amháin láidir i Meiriceá i bhfábhar an chórais chomhuainigh ach go bhfuil comhartha ceiste i dtaobh glacadh fianaise ach taobh amuigh de Mheiriceá go bhfuil an díospóireacht ag dul ar aghaidh.

    Deir an tUasal Ó Cróinín go nglacann sé nach bhfuil chuile dhuine ar aon fhocal ó thaobh cé acu córas is fearr. Deir an tUasal Ó Cróinín nach bhfuil taighde déanta ar an gceist ó thaobh cailleachas focal nó fianaise le linn córais chomhuainigh i gcás nó i gcomhthéacs cásanna coiriúla. Ghlac sé nár chóir go mbeadh aon bhrú ama ar an ateangaire atá ag obair laistigh den gcóras comhleanúnach. Ghlac an finné go bhfuil deis ag an ateangaire iarraidh ar an bhfinné an fianaise a thabhairt athuair nó ar a laghad ceartúchán nó saghas soiléirithe a dhéanamh ar aon chuid dá chuid fianaise ionas go mbeadh teangaireacht chruinn déanta. Ghlac an finné má tá an ateangaire oilte go maith oibreoidh an córas comhleanúnach go maith cé go bhfuil sé níos moille.

    Deir an tUasal Ó Cróinín gurb é an tuairim atá aige ná gurb é ceann de na scileanna atá ag aistritheoir comhuaineach ná rudaí cosúil le tuin chainte, moill freagartha, éiginnte, mothúcháin an chainteora a chur in iúl don té atá ag éisteacht leis.

    Ceistíodh Gearóid Ó Casaide ar an méid a bhí ina mhionnscríbhinn. Ón mbliain 1978 tá sé ag obair i Rannóg an Aistriúcháin mar aistritheoir. Deir sé go bhfuil taithí aige ag déanamh aistriúcháin sa chúirt. Deir an tUasal Ó Casaide go bhfuil deacrachtaí le ceachtar den dá chóras atá ann. Ag déanamh idirdhealú ar an dá chóras, ghlac an finné ó thaobh luas an aistriúcháin de gur fearr an córas comhuaineach sa mhéid is go bhfuil an dá chaint ar siúl ag an am céanna agus nach gá do na cainteoirí stopadh chun seans a thabhairt don ateangaire labhairt. Glacann an tUasal Ó Casaide go bhfuil buntáistí ag an duine a thuigeann an dá theanga sa chóras comhleanúnach ós rud é go gcloiseann sé an cheist faoi dhó.

    Aighneachtaí

    Deir Séamas Ó Tuathail A.S. thar ceann an iarratasóra go bhfuil sé i dteideal ordú mandamus a fháil córas comhuaineach aistriúcháin a sholáthar le linn trialach an iarratasóra le go ndéanfar aistriúchán éifeachtach Béarla go Gaeilge agus Gaeilge go Béarla ar an méid a déarfar ar gach aon taobh acu le linn na trialach agus a chinntiú go mbeidh an córas úd ar fáil do gach éinne atá páirteach sa triail agus freisin don phobal a dhéanann freastal ar an dtriail sin..

    Deir sé faoi fhorálacha Airteagal a hOcht den Bhunreacht tá sé de cheart ag an iarratasóir a chúis agus a chosaint a chur faoi bhráid na cúirte sa phríomhtheanga oifigiúil agus sa teanga náisiúnta. Deir sé go bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir a bheith ag súil go dlisteanach go dtabharfaí cothrom na féinne agus cothromas nó ceart bhunreachtúil dó agus go gcaithfí leis dá réir sa mhéid is gur féidir é agus é os comhair na gcúirteanna agus a chearta bunúsacha faoin mBunreacht a shlánú aige.

    Deir sé freisin go bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir de réir thosca an lae inniu go mbeidh leanúnachas ann ó thaobh cur i láthair na fianaise agus na n-aighneachtaí ar gach taobh amhail is nach mbeadh in úsáid ach aon teanga agus gur féidir an sprioc sin a bhaint amach le córas comhuaineach aistriúcháin a bheith in úsáid go héifeachtach. Labhrann Bunreacht na hÉireann san aimsir láithreach ó thaobh thosca an lae atá ann agus dá réir sin nach éileamh míchuíosach nó míréasúnta é córas comhaimseartha teangaireachta a bheith ar fáil sa Chúirt Chuarda agus saoirse phearsanta an iarratasóra a bheith i gceist nó saoirse phearsanta saoránaigh ar bith eile a bheith i gceist. Deir sé freisin gur leatrom míréasúnta a bheadh ann ó thaobh an iarratasóra de dul ar aghaidh leis an éisteacht agus córas teangaireachta nach den gcaighdeán is fearr a bheith in úsáid. Deir an tUasal Ó Tuathail go bhfuil tábhacht ar leith le trealamh a bheith in úsaid le cothrom éifeachta sa mhéid is gur féidir sin a thabhairt don teanga náisiúnta agus don phríomhtheanga oifigiúil. Deir sé gur slánú ar chearta bunreachtúla an iarratasóra an córas is éifeachtaí a úsaid.

    Luann an tUasal Ó Tuathail na buntáistí dar leis a bhaineann leis an gcóras comhleanúnach agus na míbhuntáistí leis an gcóras comhleanúnach.

    Maidir le ceist ama deirtear más rud é go bhfuil an chúirt seo den tuairim gur chóir an tiarratas a dhéanamh tríd an bhliain níos luaithe is cóir an discréid faoi Órdú 84 Riail 21 alt 1 an tréimhse a fhadú a úsáid. Aithnítear gur chóir é a fhadú sa mhéid is gur éirigh na fadhbanna le linn don gcás a bheith ag dul tríd an bpróiseas. Luann an tUasal Ó Tuathail An Stát (Mac Fhearraigh) in aghaidh Mac Gamhnia, (Tuairiscí Éireann Tuairiscí Speisialta 1980-1988 29) agus an méid a dúradh ag Ó hAnluain, B nuair a dúirt sé go raibh sé de cheart ag gach páirtí a thagann os comhair na cúirte a thaobh féin den chás a phlé i nGaeilge más mian leis agus fianaise trí Ghaeilge a chur i láthair na cúirte nó an bhinse. Má tharlaíonn nach mbíonn eolas sách maith ag an páirtí eile an méid sin do thuiscint dlitear ateangaire do cheapadh d'fhonn aistriúchán a dhéanamh ar an méid a deirtear nó a scríobhtar i nGaeilge. Lean sé mar seo a leanas:-

    "Níl feidhm ag an gcúirt, nó an mbínse fiafraí an bhfuil eolas ar an mBéarla ag an té gur mian leis úsáid a bhaint as an nGaeilge-tá ceart fén mBunreacht rogha a dhéanamh den phríomhtheanga oifigiúil má's áil leis, go dtí go leagtar síos a mhalairt do réir dlí i leith gnóthaí nó gnóthaí oifigiúla áirithe ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de. Fágann san go bhfuil an ceart céanna ag an té go bhfuil an Béarla go líofa aige agus atá ag an té a rugadh agus a tógadh san nGhaeltacht agus nach bhfuil eolas ar bith aige nó nach bhfuil ach eolas neamhchruinn aige ar an mBéarla."(1.36)

    Tagraíonn an tUasal Ó Tuathail don chás Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279 agus aighnítear nach féidir saoránach a bheith faoi mhíbhuntáiste agus a thaobh féin de chás a riaradh i nGaeilge más mian leis nó léi.

    Aighnítear go bhfuil dualgas ar an tSeirbhís Chúirteanna de réir fhorléiriú cruinn ar Airteagal 34 ag imoibriú le hAirteagal 40.3.1 i gcomhthéacs Airteagal 8 córas comhuaineach aistriúcháin suas chun dáta a chur ar fáil. Agus go bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir go mbeidh córas comhuaineach aistriúcháin suas chun dáta le fáil agus go n-eascraíonn pé moill atá ann as an dearcadh atá ag eagraíochtaí an Stáit i bplé le cásanna trí Ghaeilge ar bhonn iad a thógaint ina bpíosaí.

    Deir an tUasal Ó Tuathail gur chóir an áis is nua-aoisí agus is éifeachtaí a bheith in úsáid agus ón taobh sin gur fearr an córas comhuaineach seachas an córas comhleanúnach. Deir an tUasal Ó Tuathail ba chóir don bhreitheamh féachaint chuige gur aistriúchán dhá bhealach a bheidh ar bun idir an dá theanga, sé sin an méid a deirtear i nGaeilge a aistriú go Béarla ina iomláine agus an méid a deirtear i mBéarla a aistriú go Gaeilge. Deir sé freisin gur chóir i gcónaí a bheith cúramach an córas is éifeachtaí a úsáid san aistriúchán ar mhaithe le cinnte a dhéanamh nach mbeidh aon éagóir bunreachtúil ar na cúisithe go háirithe sa chúis seo.

    Dar leis an tUasal Ó Tuathail ní amháin go bhfuil ceart ag an iarratasóir finnéithe a ghairm i nGaeilge, a fhianaise féin a thabhairt i nGaeilge, na haighneachtaí a bheith i nGaeilge ach freisin ba chóir an córas dhá bhealach a bheith ann, neamhspleách ó chomhleanúnachas nó comhuaineachas. Deir sé más léir don chúirt gurb í an córas comhleanúnach an córas is éifeachtaí ba chóir don chúirt géilleadh dó sin freisin ar mhaithe le ceartas bunreachtúil a thabhairt don té atá ag labhairt ag iarraidh an chúis a chur chun cinn i nGaeilge. Luann an tUasal Ó Tuathail an méid a bhí le rá ag an mBreitheamh Ó hAnluain sa chás Delap v. Ó Murchú [1980-1998] I.R. Special Reports 46 ar chothrom na féinne agus an méid a bhí le rá ag an gCúirt Uachtarach in Ó Beoláin v. Fahy ar chomhionannas. Deir an tUasal Ó Tuathail nach bhfuil an tIarratasóir sásta leis an gcóras mar atá sé agus go bhfuil sé ag iarraidh é a athrú. Deir sé gur míbhuntáiste é an córas mar atá sé. Dar leis an Uasal Ó Tuathail ba chóir córas dhá bhealach aistriúcháin a bheith in úsáid.

    Cuireann an tUasal Cormac Ó Dúlacháin in iúl nach bhfuil an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí nó Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí á rá nach cóir córas comhleanúnach ná córas córas comhuaineach a úsáid thar a chéile. An t-aon rud atá á rá aige ná gur ceist discréide í. seo a bhaineann leis an gcúirt atá i gceannas ar an triail. Cuireann sé béim ar an oibleagáid atá ar an gcúirt, is oibleagáid í i gcomhthéacs triail choiriúil. Glactar go bhfuil ceart ag an iarratasóir a chás a chur chun cinn i nGaeilge, a chuid fianaise a thabhairt i nGaeilge agus go bhfuil ceart ag a aturnae agus abhcóide ceisteanna a chur as Gaeilge, labhairt leis an gcúirt trí Ghaeilge agus aighneachtaí a dhéanamh as Gaeilge. Dar leis na freagróirí níl aon cheann de na cearta sin á chosc. Dar leis na freagróirí nuair atá ateangaire á úsáid os comhair na cúirte iarrann an chúirt an bhfuil gá le haghaidh aistriúcháin. Chun go mbeadh gá le haistriúchán caithfidh aidhm a bheith leis an aistriúchán sin. Dar leis na freagróirí níl aon dualgas bunreachtúil go gcaithfear aistriúchán a dhéanamh. Is leor go n-úsáidtear teanga an duine. Dar leis na freagróirí caithfidh fáth a bhaineann le hoibleagáid cúirte a bheith ann chun go ndéanfaí aistriúchán. Is iad na fáthanna sin ná más rud é nach dtuigeann an t-abhcóide ar an taobh eile Gaeilge nó Béarla nó muna dtuigeann an finné Gaeilge nó Béarla nó muna dtuigeann an giúré Béarla nó Gaeilge. Dar leis na freagróirí is don chúirt a shocrú cad atá riachtanach i gcomhthéacs na cúirte i gach cás.

    Dar leis na freagróirí i gcomhthéacs triail choiriúil is ísle ó thaobh tábhachta ceist an ama ná aon cheist eile agus is fearr an fhírinne a fháil amach ná am a shábháil. Ó thaobh foghra a thabhairt faoin gcóras comhleanúnach is fíor go bhfuil sé sean ach ní fíor go bhfuil sé caite. Dar leis an Uasal Ó Dúlacháin ní fíor nach bhfuil sé éifeachtach. Tá sé soiléir go n-aithnítear an fhianaise mar a thugtar é agus go n-aithnítear na ceisteanna atá le cur ar fhinné.

    Dar leis an Uasal Ó Dúlacháin ó thaobh na fianaise de, níl aon fhianaise os comhair na cúirte go bhfuil gá le haistriúchán agus go bhfuil aon mhíbhuntáiste faoi leith muna n-aistrítear gach rud atá á rá i mBéarla. Dar leis an Uasal Ó Dúlacháin is é an t-aon argóint mar a thuigeann sé é ná go n-ardaítear an cheist an bhfuil easpa cothromaíochta ó thaobh íomhá sa chúirt. Deir sé go bhfuil dualgas ar an iarratasóir in athbhreithniú fianaise a chur faoi bhráid na cúirte a chruthaíonn a chás nach bhfuil aon fhianaise soiléir cinnte i dtaobh tionchar ar chás nó ar an ghiúré a thiocfas muna n-aistrítear an Béarla. Deir sé nach bhfuil aon siceolaí os comhair na cúirte agus nach bhfuil aon taighde sonrúil os comhair na cúirte chun a thaispeáint gur chóir don chúirt dul an treo sin ar bhonn míbhuntáiste atá soiléir nó iontuigthe. Muna bhfuil míbhuntáiste soiléir nó iontuigthe an bhfuil oibleagáid bhunreachtúil ar an gcúirt as a feidhm féin i gceannas ar an triail treoir a thabhairt go n-aistreofaí gach rud i mBéarla go Gaeilge. Dar leis na freagróirí nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ar an gcúirt é sin a dhéanamh.

    Dar leis na freagróirí an t-aon fáth go bhfuil teangaireacht ar siúl nó aistriúchán ar siúl i gcomhthéacs cad a tharlaíonn sa chúirt nó i gcomhthéacs cad a tharlaíonn san Oireachtas ná chun cabhrú le daoine teacht ar thuiscint ar cad atá ar siúl. Dar leis an tUasal Ó Dúlacháin luíonn an dualgas atá ar an Stát aistriúchán a dhéanamh ar achtanna agus ar ionstraimí reachtúla chun gur féidir iad a úsáid mar chuid den phróiseas do dhuine ag cur a chearta chun cinn. Dar leis sa chás seo, de bharr nach bhfuil aon chruthúnas os comhair na cúirte go bhfuil míbhuntáiste i gceist tagann tú síos go dtí an bhuncheist an bhfuil oibleagáid ar an gcúirt téarmaí teangaireachta a leagadh síos chun an íomhá, sa chás seo íomhá na Gaeilge, a chothú? Dar leis nach bhfuil an cheart sin le sonrú sa Bhunreacht agus nach bhfuil aon rud i mbreithiúnas Uí Bheoláin a thacaíonn leis an sainmhíniú sin.

    Thar ceann an tSeirbhís Chúirteanna cuireann an tUasal Ó Scannail in iúl go nglacann a chliant go bhfuil dualgas air aon ordú a dhéantar sa chás seo a chomhlíonadh. Dar leis an tSeirbhís Chúirteanna is é an córas is fearr ná an córas comhleanúnach. Do thuig an tSeirbhís Chúirteanna an fógra foriarratais lenar tugadh cead don iarratasóir seo ón gCúirt Uachtarach an cás seo a thógaint, go raibh sé á rá go raibh an córas aistriúcháin, sé sin an córas teangaireachta comhleanúnch, míbhunreachtúil. Anois má thuigeann sé an scéal an cás atá á dhéanamh ná nach bhfuil comhionannas á dhéanamh don Ghaeilge agus go bhfuil dualgas de bharr forálacha Alt 8 comhionannas a dhéanamh don Ghaeilge agus go bhfuil córas teangaireachta níos éifeachtúla ann agus dá bharr deir sé nach bhfuil comhionannas á chruthú. Dar leis an tUasal Ó Scannail tá dualgas cruthúnais ar an iarratasóir a thaispeáint go bhfuil an córas atá ar fáil míbhunreachtúil. Deir sé go bhfuil cinneadh tógtha ag an tSeirbhís Chúirteanna córas a chur ar fáil. Cé go ndúirt abhcóide thar ceann an iarratasóra go raibh ar an gcúirt dianscrúdú a dhéanamh ar an dá chóras agus féachaint an féidir feabhas a chur ar an gcóras atá ar fáil go mór mhór i gcás nuair a d'éiligh an tiarratasóir air córas nua a chur ar fáil dó. Dar leis an tUasal Ó Scannail nach dtéann an fhianaise fada go leor.

    Ó thaobh cheist na moille de, dar leis an tSeirbhís Chúirteanna bhí na fíorais ar fad ar eolas aige nuair a thóg sé iarratas cheana i 1998. Deir alt 9 d'aighneachtaí an iarratasóra mar leanas:-"An chéad deacracht a d'éirigh, b'éigean iarratas a dhéanamh san Ard-Chúirt le cinntiú go ndéanfaí taifead as Gaeilge ar an méid a déarfaí as Gaeilge le linn na trialach le go mbeadh scríbhinn fhianaise chruinn ar fáil dá mba ghá sin. Fuarthas cead ar athbhreithniú breithiúnach ar an 29ú lá de Dheireadh Fómhair 1998. Deineadh ordú os comhair an Bhreitheamh Mhic Aonghusa le cead na bpáirtithe a chinnteodh scríbhinn na fianaise a bheith cruinn agus iomlán. Dar leis an Uasal Ó Scannail is soiléir go raibh a fhios ag an iarratasóir go raibh saineolas acu go raibh éileamh uathu go mbeadh cruinneas acu d'aon chóras a bhí ann i leith an cháis. Bhí a fhios acu go raibh an córas teangaireachta comhuaineach ar fáil ó am Nuremberg i leith. Bhí an t-eolas sin acu i 1998 agus bhí gach uile foras ar a mbunaítear an cás seo ar eolas acu agus ar fáil dóibh in 1998. Dar leis an tUasal Ó Scannail ní chóir aon síneadh ama a thabhairt i gcás ina raibh athbhreithniú tugtha ag an iarratasóir cheana féin.

    Siad na haighneachtaí atá ag abhcóide thar ceann an tríú freagróra de ná seo a leanas. (Is í an aighneacht ná go bhfuil an tiarratasóir sna himeachtaí seo ciontach as moill neamh-inleithscéil neamhréasúnach a choisceann air na faoisimh atá á lorg san iarratas seo a lorg. Go háirithe, is í an aighneacht ná go raibh na fíorais go léir a bhfuil an tiarratasóir ag brath orthu san ábhar seo ar eolas aige agus ar fáil aige tráth an iarratais roimhe seo ar athbhreithniú breithiúnach, nó thart ar an tráth sin, i iarratas a dhéileáil an Chúirt Onórach seo leis ar an 29ú lá de Dheireadh Fómhair 1998. Is measa an mhoill seo de bhua go líomhnaítear maidir leis na cionta a bhfuil an

    t-iarratasóir á chur ar aghaidh lena thriail ina leith, gur tharla siad i mí Iúil 1994 nó thart ar mhí Iúil 1994. Níl aon fhaisnéis nua i leith na n-ábhar atá i gceist sna himeachtaí seo faighte ó rinne an tiarratasóir an chéad iarratas ar athbhreithniú breithiúnach agus is í an aighneacht ná go raibh sé ar an eolas faoin dá chóras aistriúcháin a bheith ann an tráth sin nó thart ar an tráth sin.

    I dtaca leis sin de, is féidir a nótáil gur bhreithnigh an Chúirt Onórach seo, le hordú a rinne an Breitheamh Ó Caoimh ar an 27ú lá de Mheitheamh, 2000, gur ar an iarratasóir amháin a bhí an milleán as an moill maidir leis na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo a thionscnamh agus gur fada a bhí an t-am chun na himeachtaí seo a thabhairt ar aghaidh caite. Tá an freagróir seo ar an eolas faoi iarratas a thionscain an chéad iarratasóir agus an dara hiarratasóir atá ainmnithe inar lorg siad, inter alia, cosc a chur ar an iarratasóir leanúint ar aghaidh leis an athbhreithniú breithiúnach seo ar fhoras na moille sin. Tá an t-iarratas sin sceidealta lena éisteacht an tráth céanna leis na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus tacaíonn an freagróir seo leis an iarratas sin ar na cúiseanna atá leagtha amach thuas.

    Sna haighneachtaí scríofa a cuireadh isteach thar ceann an chéad agus an dara freagróir, deirtear in alt 1 agus 2 mar seo a leanas:-

    "1. Tá na fíorais arb iad is cúis leis an athbhreithniú breithiúnach atá os comhair na Cúirte Onóraí seo leagtha amach go mion sna mionnscíbhinní a mionnaíodh i leith an ábhair seo. Go hachomair, tá an tiarratasóir á ionchúiseamh sa Chúirt Chuarda Choiriúil in imeachtaí ar a bhfuil bille uimh. 312/1997 agus dar teideal "An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí v. Micheál Ó Bleithín". Inter alia, tá faoiseamh i bhfoirm dearbhuithe agus orduithe mandamus á lorg ag an iarratasóir á ordú do na cosantóirí, dá seirbhísigh nó dá ngníomhairí faoi seach, córas comhuaineach aistriúcháin a sholáthar le linn thriail an iarratasóra atá le dul ar aghaidh os comhair Chúirt Chuarda Coiriúil Bhaile Átha Cliath d'fhonn a chumasú don iarratasóir a chás a sheoladh i nGaeilge. Ar an 27ú lá de Mheitheamh, 2000, dhiúltaigh an Breitheamh Ó Caoimh don iarratas ar chead a rinneadh chuig an gCúirt Onórach seo agus rinne an tiarratasóir achomharc i gcoinne an diúltaithe sin chuig an gCúirt Uachtarach. Le hordú ón gCúirt Uachtarach ar an 23ú lá d'Fheabhra, 2001, tugadh cead don iarratasóir athbhreithniú breithiúnach a lorg i gcoinne an diúltaigh sin chuig an gChúirt Uachtarach. Le hórdú ón gCúirt Uachtarach ar an 23ú lá d'Fheabhra, 2001, tugadh cead don iarratasóir athbhreithniú breithiúnach a lorg i gcoinne na bhfreagróirí atá ainmnithe san ábhar seo ar sheacht bhforas shainiúla atá leagtha amach mar chuid d'ordú na cúirte a dúradh.
    2. Tá ráiteas freasúra seachadta ag an tríú freagróir atá ainmnithe agus tá mionnscríbhinní thar ceann na Seirbhíse Chúirteanna comhdaithe. Beidh an tSeirbhís Chúirteanna ag brath ar an ráiteas freasúra agus ar na mionnscríbhinní sin mar chuid dá haighneachtaí chuig an gCúirt Onórach seo i leith an athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo."

    Thug an tUasal Ó Tuathail freagra ar an méid a bhí le rá ag an tUasal Ó Dúlacháin agus an tUasal Ó Scannail. Maidir leis an mhoill, tagraíonn an tUasal Ó Tuathail do na fíricí agus ar an 27ú lá de Mheitheamh, 2000, dhiúltaigh an Ard-Chúirt (Ó Caoimh B) cead don iarratasóir. Dar leis an tUasal Ó Tuathail is ceist nua í a d'éirigh de novo as na himeachtaí a bhain leis an ordú a rinne an Breitheamh McGuinness ar an 29ú lá de Dheireadh Fómhair, 1998.

    Deir an tUasal Ó Tuathail nach bhfuil an tiarratasóir ag maíomh go bhfuil an córas comhleanúnach aistriúcháin a úsáidtear sna cúirteanna míbhunreachtúil. Deir sé gur cuid den gceartas aiceanta faoin mBunreacht atá ag an iarratasóir go mbeidh an córas is fearr agus is féidir in úsáid. Diúltaíonn an tUasal Ó Tuathail go bhfuil aon dualgas cruthúnais air i leith togra nár chuir sé os comhair na cúirte mar níor dhúirt sé am ar bith dar leis go raibh an córas sin míbhunreachtúil. Glacann sé más rud é go bhfuil an córas comhleanúnach réasúnta agus má tá an córas comhuaineach réasúnta tá dhá chóras ann in iomaíocht le chéile. Is fearr leis an iarratasóir an córas comhuaineach.

    Aontaíonn an tUasal Ó Tuathail leis an méid a dúirt an tUasal Ó Dúlacháin nuair a dúirt sé nach mbaineann an cheist sa chás seo le haon acht nó riail nó ordú de chuid na cúirte ach baineann sí le modh cleachtais.

    Deir an tUasal Ó Tuathail go bhfuil dualgas ar an gcúirt an cothrom nó an comhionannas a choinneáil idir an príomhtheanga oifigiúil agus an Béarla agus ba chóir é a choimeád trí gach a deirtear trí Ghaeilge a aistriú go Béarla agus a mhalairt. Deir sé más rud é go bhfuil ceist comhionannais ann ag an am céanna beidh níos mó ama ag an bhfinné a chuid fianaise a thabhairt agus smaoineamh ar freagraí.

    Cinneadh

    Sa chéad dul síos tá sé soiléir go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an dá chóras aistriúcháin. Is soiléir go bhfuil an córas comhleanúnach níos moille ná an córas comhuaineach, leis an gcóras comhuaineach caithfear stopadh gach ré abairt le deis a thabhairt don ateangaire an méid atá ráite a aistriú. I gcás coiriúil os comhair ghiúré, táimse den bharúil gurb é an rud is tábhachtaí de ná an cruinneas ar an teangaireacht agus gur rud é sin is féidir a sholáthar leis an gcóras comhleanúnach níos fearr ná leis an gcóras comhuaineach sa mhéid is gur féidir leis an ateangaire ceist a chur ar an bhfinné más gá a chuid fianaise a thabhairt an athuair ionas go mbeadh deis aige an t-aistriúchán a chur os comhair an ghiúré go cruinn. Is dóigh liom go bhfuil an cruinneas níos tábhachtaí ná an leanúnachas agus dá bhrí sin ní dóigh liom go bhfuil an tiarratasóir i dteideal an chéad dearbhú atá á lorg aige. Is fearr liom an fhianaise a thug an tUasal Ó Casaide ina gcuireann sé in iúl na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcóras comhuaineach aistriúcháin. I gcás os comhair ghiúré is dóigh liom nach mbeadh sé oiriúnach go ndéanfaí an scrúdú ar chruinneas an aistriúcháin ag deireadh an lae nuair is féidir é sin a dhéanamh ar an bpointe leis an gcóras comhleanúnach.

    Ar an ábhar céanna, níl an tiarratasóir i dteideal an ordú mandamus atá á lorg aige ag alt 2 den bhunráiteas éilimh sa chás seo agus ag an am céanna nílimse sásta go bhfuil dualgas ar gach rud a deirtear le linn na trialach a aistriú go Gaeilge ach ag an am céanna glactar go bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir a chúis agus a chosaint a chur faoi bhráid na cúirte sa phríomhtheanga oifigiúil agus sa teanga náisiúnta. Leanann ón méid seo nach bhfuil an tiarratasóir i dteideal an ordú mandamus atá á lorg aige ag alt 3 den Bhunráiteas Éilimh.

    Maidir leis an ordú mandamus atá á lorg ag an iarratasóir ag alt 4 den bhunráiteas éilimh glacaim leis na haighneachtaí a cuireadh os comhair na cúirte seo thar ceann na bhfreagróirí uile agus dá bhrí sin táimse sásta nach bhfuil an tiarratasóir i dteideal an ordú mandamus seo. Leanann ón méid seo nach bhfuil an tiarratasóir i dteideal ordú toirmisc nó ordú eile ag cur cosc ar Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí dul chun cinn le triail an iarratasóra.

    Cé go bhfuilimse sásta nach bhfuil an tiarratasóir i dteideal na n-orduithe atá á lorg aige gan trácht ar mhoill an iarratasóra, ó thaobh moille de táimse sásta de go bhfuil an ceart ag abhcóidí thar ceann na bhfreagróirí sa mhéid is atá ráite acu sna haighneachtaí a cuireadh os comhair na cúirte seo agus go bhfuil an tiarratasóir freagrach as agus ciontach as moill neamhinleithscéal neamhréasúnta a choisceann ar na faoisimh atá á lorg san iarratas seo. Cé go nglacaim gur éirigh leis an iarratasóir ar achomharc ón gcúirt seo nuair a diúltaíodh cead dó ar aithbhreithniú breithiúnach ós rud é go raibh sé ró-mhall ag teacht chun na cúirte. Cé gur thug an Chúirt Uachtarach cead dó na himeachtaí seo do thionscnamh ar athbhreithniú breithiúnach is léir go raibh de cheart ag na freagróirí an t-ábhar moille a ardú leis na fógraí a cuireadh isteach thar ceann na bhfreagróirí i gcoinne an iarratasóra. Sé sin le rá sna ráitis fhreasúra thar ceann na bhfreagróirí. San ábhar seo is dóigh liom go bhfuil cosúlacht le cás AA v. Medical Council [2002] 3 I. R. 1 inár dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach an t-achomharc a tugadh ag an iarratasóir sa chás sin agus an diúltú sin ar dhiscréid na cúirte ós rud é go raibh an tiarratasóir sa chás sin tar éis cás eile a thógaint in aghaidh an Medical Council roimhe sin agus bhí deis aige an t-éileamh go léir a chur os comhair na cúirte sa chéad dul síos. Tugadh cead dó na himeachtaí sin do thionscnamh ag an gCúirt Uachtarach tar éis don gcúirt seo (Ó Ceallaigh B) an cead a dhiúltú sa chéad dul síos ar an ábhar céanna is ar dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach an t-achomharc i ndeireadh na dála. Féach Breslin v. Corcoran [2003] 2 IR 203. Sa chás seo níl an t-ábhar mar an gcéanna ach is soiléir cé gur tugadh cead ag an gCúirt Uachtarach don iarratasóir na himeachtaí seo do thionscnamh tá sé de cheart ag an freagróirí an cheist moille do ardú sa chúirt seo agus tá sin déanta acu sna haighneachtaí agus fiú amháin sna fógraí ag cur i gcoinne nó sna ráitis freasúra sa chás seo.

    Approved: Ó Caoimh J.


BAILII: Copyright Policy | Disclaimers | Privacy Policy | Feedback | Donate to BAILII
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IEHC/2004/311.html